National Standards Authority of Ireland New Standards Shop

Buy Irish Standards Online

Skip to content

stór gréasáin nuachóirithe seolta ag an gcomhlacht oifigiúil um chaighdeáin in Éirinn, an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI), chun cur ar chumas eagraíochtaí ar fud na hÉireann rochtain a fháil ar na mílte caighdeán náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtúla.

Anuraidh, fuarthas rochtain ar bhreis is 250,000 caighdeán trí chatalóg ar líne NSAI ag Standards.ie

Mar thoradh ar an Straitéis Eorpach um Chaighdeánú, aithnítear caighdeáin mar uirlis ríthábhachtach chun fás eacnamaíoch, dul chun cinn teicneolaíochta, iomaíochas, idir-inoibritheacht agus nuálaíocht a chur chun cinn.

Chun tacú le heagraíochtaí a úsáideann caighdeáin, tá ardán nochta ag NSAI a bhfuiltear ag súil leis go dtabharfaidh sé eispéireas ar chaighdeán níos airde d’úsáideoirí caighdeán, nascleanúint fheabhsaithe agus ‘cuma agus mothú’ nua.

I gcroílár an athdhearaidh tá tiomantas an NSAI chun eispéireas níos tapúla agus níos cuíchóirithe a sholáthar d’úsáideoirí. Le feidhmíocht bharrfheabhsaithe agus dearadh iomasach, beidh úsáideoirí in ann rochtain ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu, amhail caighdeáin shonracha, doiciméid theicniúla agus acmhainní, a fháil níos tapúla.

Caighdeáin is mó a díoladh in 2023

Ba iad na cúig* chaighdeán Éireannacha ba mhó a díoladh trí stór gréasáin NSAI in 2023 ná:

  1. I.S. 10101:2000+AC1:2000 Na Rialacha Náisiúnta um Shuiteáil Leictreach (Rialacha Sreangaithe)
  2. I.S. 3217:2023 Soilsiú Éigeandála
  3. I.S. 813:2014+A1:2017/AC:2017 Suiteálacha gáis baile (Eagrán 3)
  4. I.S. 3218:2013+A1:2019 Córais braite dóiteáin agus aláraim d’fhoirgnimh
  5. I.S. 291:2015+A1:2022 Roghnú, coimisiúnú, suiteáil, iniúchadh agus cothabháil múchtóirí dóiteáin iniompartha

Ba iad na cúig* chaighdeán Eorpacha nó idirnáisiúnta ba mhó a díoladh tríd an stór gréasáin in 2023 ná:

  1. I.S. EN ISO 9001:2015 Córais bainistíochta cáilíochta
  2. TREOIR NSAI/ISO DO ISO 9001:2015 d’fhiontair bheaga – Cad atá le déanamh?
  3. I.S. EN ISO 14001:2015 Córais bainistíochta comhshaoil
  4. I.S. EN ISO/IEC 27001:2023 Córais bainistíochta slándála faisnéise
  5. I.S. ISO 45001:2018 Córais bainistíochta sláinte agus sábháilteachta ceirde

Chun rochtain a fháil ar chaighdeáin, doiciméid theicniúla nó acmhainní, tabhair cuairt le do thoil ar stór gréasáin nuachóirithe NSAI ag Standards.ie

[* díolacháin aonair]