National Standards Authority of Ireland New Standards Shop

Buy Irish Standards Online

Skip to content

Cé gur tír bheag í Éire ó thaobh an domhain mhóir de, is féidir linn tionchar a imirt – ar bhonn aonair agus i gcomhar lena chéile araon. Faoinár bPlean Stratéiseach 2022-26, tá NSAI meáite ar thacú le polasaí an rialtais maidir le gníomhú um athrú aeráide agus inbhunaitheachta. De bharr sin, tá muid sásta ár dTreochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur i láthair agus ar fáil.  

Cén fáth go bhfuil muid ag cur Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide le chéile?  

Ar ndóigh, cé go bhfuil sé de riachtanas orainn ceann a bheith againn faoinár ndualgais um ghníomhú ar son na haeráide na hearnála poiblí, is rud é go bhfuil NSAI tiomanta ina leith.   

Is é ár gcuspóir a bheith mar eiseamláir um ghníomhú um athrú aeráide agus inbhunaitheachta:  

  • go hinmheánach, maidir leis an gcaoi a riarann muid ár gcuid gnóthaí; agus  

  • go seachtrach, maidir leis an gcaoi a thugann muid tacaíocht don ghnó.  

Fréamhaíonn an Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide tiomantais inmheánach agus seachtrach an NSAI don ghníomhú um athrú aeráide agus inbhunaitheachta:  

  • mar thacaíocht do pholasaí an Rialtais, an Comhaontú Glas don AE agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; agus  

  • chun cúnamh a thabhairt don ghnó in Éirinn,  

ar aon dul le Plean Straitéiseach an NSAI 2022-2026 ann ár leag muid amach ár dtiomantas don nuálú chun todhchaí níos sábháilte, níos fearr agus inbhuanaithe a mhúnlú.   

Tugann sé bunlíne as ar féidir forbairt a dhéanamh uirthi agus a leathnú amach anseo, ár n-uaillmhianacha seachtracha chun tacú le gnólachtaí ar a gcuid aistear um ghníomhú aeráide féin san áireamh. Cloch mhíle bainte amach atá ann é a chur i gcrích.  “Tús maith leat na hoibre.”  

Tá sé de sprioc ag NSAI a bheith ina eiseamláir inbhunaitheachta, le tacú le Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Ghníomhú ar son na Aeráide, le Treoir an Aontais maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.  

Is ‘cáipéis bheo’ í Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide NSAI, a bhéas ag dul in oiriúint thar thréimhse ama chun ár n-uaillmhianacha a shocrú agus a bhaint amach. Stiúraigh ár n-Ionad Barr Feabhais um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Inbhuanaitheacht forbairt an Treochláir i gcomhar le go leor comhghleacaithe ar fud fad NSAI. Is cáipéis í atá gonta d’aon turas, deartha le bheith inrochtana do réimse leathan de lucht spéise, gnólachtaí ach go háirithe.   

Tugann ár gcéad Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide osradharc agus léargas ar an aistear atá amach romhainn – ar fáil anseo.