National Standards Authority of Ireland New Standards Shop

Buy Irish Standards Online

Skip to content

Sheol NSAI comhairliúchán poiblí don dréacht C.É. 437:2024 Fálú capall agus graíonna – cuaille adhmaid agus ráille.

Tréimhse an chomhairliúcháin phoiblí: Ón Luan, an 22 Iúil 2024 go dtí an Aoine, 30 Lúnasa 2024, an lá sin san áireamh.

Raon feidhme an dréachta:

Sonraíonn an Caighdeán Éireannach seo ábhair, modhanna tástála, marcáil, pacáistiú, iompar agus riachtanais stórála ar an láthair do chuaille adhmaid agus ráille a úsáidtear um fhálú capall agus graíonna. Áirítear leis an gcaighdeán seo freisin ceanglais maidir le rópa leictreach, téip leictreach agus sreang fálú capall speisialaithe a úsáidtear i bhfálú capall agus graíonna.

Sainmhínítear socruithe fálaithe le haghaidh an méid seo a leanas:

  • Fálú teorann;
  • Fálú banrach
  • Limistéir fáinneála agus ladhróg.

Ábhar an dréachta:

Tá na hailt seo a leanas sa dréacht:

  • Alt 1 Scóip
  • Alt 2 Tagairtí Normatacha
  • Alt 3 Téarmaí agus sainmhínithe
  • Alt 4 Ceanglais
  • Alt 5 Socruithe fálaithe
  • Alt 6 Marcáil
  • Alt 7 Pacáistiú, iompar agus stóráil ar an láthair
  • Alt 8 Iarscríbhinn A (eolasach) Próiseas cinnidh chun ceanglais chaomhnaithe adhmaid a chinneadh do chuaillí adhmaid, ráillí, cláir choinneála agus cláir bharr
  • Alt 9 Iarscríbhinn B (normatach) Caomhnú adhmaid
  • Alt 10 Iarscríbhinn C (eolasach) Socruithe fálaithe do chapaill
  • Alt 11 Leabharliosta

Féach ar an dréacht agus cuir tuairimí isteach:

Tugtar cuireadh do gach páirtí leasmhar trácht a dhéanamh ar an dréacht C.É. 437:2024 tríd an bhfóram NSAI ‘Do Chaighdeáin, Do Thuairim’: anseo

Ba mhaith le NSAI aitheantas a thabhairt do na coistí seo a leanas as an méid a chuireann siad le forbairt an dréachtchaighdeáin seo:

  • NSAI/TC 08/WG 24

Faigh amach conas Do Chaighdeáin, Do Thuairim a úsáid anseo.